Cosan Na Gealai – Senior Infants Skills Book
$18.81
$30.47
Description Is Clár Gaeilge úrnua spraíúil idirghníomhach é Cosán na Gealaí atá ailínithe go hiomlán le Curaclam Teanga na Bunscoile. Gheofar sa Leabhar Scileanna gníomhaíochtaí a thacóidh le gach cuid den chlár. Is cur chuige téamach é ina bhfuil naoi n-aonad oibre, ionas gur féidir na trí shnáithe – an Léitheoireacht, an Scríbhneoireacht agus an Chaint – a thabhairt le chéile ar shlí chiallmhar. Is iad seo a leanas na codanna eile de chlár Cosán na Gealaí do na Naíonáin Shóisearacha: 9 leabhar bheaga ficsin 9 leabhar bheaga neamhfhicsin 9 leabhar pictiúr* áille Gaeilge Leabharlann Dhigiteach* chuimsitheach: 9 bPóstaer Cainte 9 gComhrá Cluichí fónaice agus foclóra Dánta, rannta agus amhráin R-leabhair idirghníomhacha de na leabhair léitheoireachta le fuaim Acmhainní in-íoslódáilte lena n-áirítear: –Stáisiúin Aistear – Ábhair litearthachta inchlóite –Smaointe agus bileoga oibre maidir le difreáil –Ábhair thacaíochta don Mheasúnú Leabhar Pleanála agus Acmhainní an Mhúinteora*, lena n-áirítear: Foramharc bliantúil agus pleananna coicísiúla mapáilte le Curaclam Teanga na Bunscoile Pleananna Míosúla Ceachtphleananna mionsonraithe do gach cuid den chlár ISBN: 9780717192977
Irish