Eire A Munlu
$21.02
$32.58
Description Tá Éire Á Múnlú scríofa i stíl shoiléir fhíorasach. Déantar trácht ar chúrsaí staire de réir an eolais agus na dtuiscintí is déanaí. Tá an-éagsúlacht sna léaráidí áille agus sna híomhánna staire ann. Cuirtear na príomhstaitisticí i láthair i ngraif agus i gcairteacha atá soiléir, áisiúil. Déantar clúdach cuimsitheach sa leagan seo den leabhar Éire Á Múnlú ar thrí thopaic i Stair na hÉireann sa Nua-Aois Dhéanach, agus ar na cás-staidéir a bhaineann leis na trí thopaic. • Topaic 2: Gluaiseachtaí ar son Leasú Polaitíochta agus Sóisialta, 1870–1914 (topaic atá leagtha síos i gcomhair 2026/2027) • Topaic 3: Ar Thóir an Fhlaithis agus Tionchar na Críochdheighilte, 1912–1949 • Topaic 5: An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949–1993 Seo cuid de phríomhghnéithe Éire Á Múnlú: • Treoir ag tús an leabhair a chuirfidh ar chumas na scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí gramadaí, mar aon le focail agus frásaí a chabhróidh leo aistí staire a scríobh • Tugtar na hintinní foghlama i dtús gach caibidle • Cuirtear Eochairchoincheapa i láthair go soiléir • ‘Eochairphearsana’ – beathaisnéisí gearra dírithe ar riachtanais an scrúdaithe • ‘Blúiríní Beatha’ na bpríomhphearsana, mar dhúshraith i gcomhair tuilleadh taighde • Achoimre ar gach caibidil • Ceisteanna athbhreithnithe i ndeireadh gach caibidle • Ceisteanna ó sheanpháipéir scrúdaithe agus téacsanna ábhartha taobh le taobh • I ndeireadh gach caibidle, ceisteanna samplacha den chineál a bhíonn ar pháipéir scrúdaithe an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil • I dTopaic 2, tugtar réimse leathan doiciméad ábhartha i gcomhair na ceiste doiciméad-bhunaithe. Déantar na ceisteanna cleachtaidh a rangú faoi cheannteidil a oireann don scrúdú, mar shampla Tuiscint, Comparáid, Léirmheastóireacht agus Comhthéacsú. • Tá eolas cuimsitheach faoin scrúdú ann: – Comhairle do scoláirí Ard agus Gnáthleibhéil araon – Míniú ar an scéim mharcála – Treoirlínte maidir leis an Tuarascáil ar an Staidéar Taighde – Treoir shoiléir ar conas na ceisteanna doiciméad-bhunaithe a fhreagairt – Aiste shamplach iomlán le nótaí tráchta
History